Scéalta Nua

Wednesday, 17 October 2018 13:37

Painéal Bhreacadh 2019 & 2020

Written by
Rate this item
(0 votes)

Scríbhneoirí, aistritheoirí agus dearthóirí a bhfuil na scileanna cuí acu le hábhar éifeachtach teagaisc a chruthú.

Beidh áiseanna éagsúla á gcoimisiúnú ag Breacadh i 2019 & 2020, sna trí mhórchanúintí Gaeilge, ina measc áiseanna dírithe ar scileanna litearthachta don chainteoir dúchais Ghaeilge agus áiseanna i réimsí éagsúla den ghairmoiliúint. 

Chuige sin, cuirfear painéal daoine le chéile a bhfuil na scileanna cuí acu le hábhar éifeachtach teagaisc a chruthú sna réimsí/ábhair seo:

 

SCRÍBHNEOIRÍ

  • An Fhónaic agus gnéithe eile den litearthacht
  • Mata/Uimhearthacht
  • Cúrsaí Cum a rsáide
  • Déanam h Bád
  • Forbairt Phearsanta
  • Áiseanna d'fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

AISTRITHEOIRÍ , EAGARTHÓIRÍ

  • Ábhar ranga a chruthú / a aistriú / a chur in oiriúint / a phrofú / a chur in eagar i gcanúintí na Mumhan, Chonnacht agus Uladh.

 

LUCHT DÉANTA IBOOK-anna

Táimid ag cuartú daoine freisin le taithí i gcruthú ábhair theagaisc i bhfoirm iBook. Cruthóidh na daoine seo áiseanna teagaisc i bhfoirm iBook agus/nó tacóidh siad le teagascóirí eile ábhar teagaisc a chruthú i bhfoirm iBook.

 

EALAÍONTÓIRÍ, DEARTHÓIRÍ

  • Obair ealaíne a sholáthar d’acmhainní Bhreacadh
  • Dearadh/leagan amach a dhéanamh ar acmhainní Bhreacadh.

Cuirtear léirithe spéise, mar aon le CV, faoin 31 Deireadh Fómhair, chuig:

An Comhordaitheoir,
BREACADH,
Casla, Co. na Gaillimhe

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

TUILL EADH EOLAIS: 091-506846 / www.breacadh.ie

NÍ IONANN LÉIRIÚ SPÉISE AGUS TAIRISCINT DE CHINEÁL AR BITH A BHEITH FAIGHTE Ó BHREACADH.

 

 

Read 1810 times Last modified on Wednesday, 17 October 2018 14:08

Leave a comment

Make sure you enter all the required information, indicated by an asterisk (*). HTML code is not allowed.

 

Breacadh
Casla,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091-506846
R-phost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search