Scéalta Nua

Super User

Super User

Monday, 15 December 2025 10:53

Breacadh – 25 Bliain Inniu!

Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin a cuireadh tús oifigiúil le hobair Breacadh – tionscadal trasGhaeltachta a bhunaigh agus a stiúraigh oifigigh oideachais na gcomhlachtaí Páirtíochta Gaeltachta san am agus oifigigh aosoideachais na gCoistí Gairmoideachais (na Boird Oideachais agus Oiliúna sa lá atá inniu ann). Tá muid ag cuimhneamh le mórbhuíochas ar na bunaitheoirí ceannródacha sin inniu: Máire Uí Eanaigh (Cumas Teo.), Cathal Ó Fearraigh & Feardorcha Ó Colla (Páirtíocht Thír Chonaill), John Kennedy (Seirbhís Oideachais Chiarraí & Chéad Chathaoirleach Bhreacadh), Cróna Ní Ghallchóir (Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall), Mary Walshe (Bord Oideachais & Oiliúna Phort Láirge) agus Seán Mac Lochlainn (Bord Oideachais & Oilúna na Gaillimhe-Roscomáin).

Leagadh de chúram ar Bhreacadh tacaíochtaí a chur ar fáil do na seirbhísí aosoideachais a fhreastlaíonn ar fhoghlaimeoirí fásta Gaeltachta ar cainteoir dúchais Gaeilge iad.

Tá taighde luachmhar déanta ag Breacadh ar riachtanais, ar dhúshláin agus ar mhianach an chainteora dúchais ó shin i leith – ó thaobh scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta de, go mór mór – agus cuid mhór áiseanna foghlama agus oiliúna curtha ar fáil, dírithe go sonrach ar an gcainteoir dúchais.

Go deimhin, tá 230 áis teagaisc/foghlama cruthaithe agus foilsithe ag Breacadh le ceathrú céid anuas, i dtrí mhórchanúint na Gaeilge.

Baineann cuid de na háiseanna sin le réimsí éagsúla den ghairmoiliúint – cúrsaí cumarsáide, cúrsaí mata, cúrsaí ríomhaireachta, cúrsaí cúraim leanaí, ullmhú agus sábháilteacht bia srl. Lena chois sin, tá treoirlínte curtha i dtoll a chéile ag an eagraíocht maidir le húsáid ‘Gaeilge Nádúrtha na nDaoine’ (‘Plain Irish’) agus maidir le feasacht an phobail ó thaobh na litearthachta de.

Is é buaicphointe obair Bhreacadh, áfach, ná dearadh agus foilsiú na háise Mar a Déarfá! An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge – córas cumistheach grádaithe do mhúineadh na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta don chainteoir dúchais. Tá Mar a Déarfá! leagtha amach do chomhthéacs na Foghlama Teaghlaigh (‘Family Literacy’). Tá sraith de 50+ áis teagaisc/foghlama cruthaithe agus curtha i gcló ag Breacadh i gcanúint Chonnacht sa phacáiste seo – agus an pacáiste iomlán anois á chur in oiriúint do chanúintí na Mumhan agus Uladh.

Mar a Déarfá! aitheanta mar chóras réabhlóideach i múineadh na litearthachta, a raibh géarghá leis don chainteoir dúchais – ní amháin in earnáil an aosoideachais ach in earnáil na scolaíochta chomh maith.

Caith súil ar ár gcuid catalóg ag na naisc thíos, agus ar aiseolas ó theagascóirí, ón gCigireacht agus ón eagraíocht Gaeloideachas.

Faigh cuntas freisin ar roinnt de na cúrsaí oiliúna agus seisiúin eolais atá curtha ar fáil ag Breacadh do na céadta teagascóir, don Chigireacht, d’fhoirne NEPS agus Oide, do mhic léinn agus léachtóirí i gcoláistí oiliúna na tíre, ag comhdhálacha RSO srl.

https://www.breacadh.ie/aiseanna-pdf/catalog

https://www.maradearfa.ie/catalog

Friday, 26 May 2023 13:39

Painéal Bhreacadh

Friday, 08 May 2020 16:00

Curaí Cóilise agus Prátaí

Ar mhaith libh dinnéar breá blasta atá lán de chothú agus a bheidh réidh le tabhairt chun boird laistigh de leathuair a chloig.

Is oideas é seo atá oiriúnach daoibhse nach n-itheann feoil ach ar ndóigh is fuirist píosaí sicín a chur leis más ansa leat sin.

Bígí ag cócaireacht!

 
Friday, 08 May 2020 15:52

Cearnóga Coirce

Is deacair fanacht glan uilig ar na rudaí milse agus dúil agat i rud éigin deas le braon tae. Bhuel is fiú tabhairt faoin oideas simplí seo do Chearnóga Coirce atá milis agus folláin.  Níl uait ach 4 chomhábhar agus 30 nóiméad go mbeidh siad réidh le n-ithe!! Buailigí faoi agus beidh rud éicint deas réitithe in am don tae!  Bainigí sult astu.

 

 
Friday, 08 May 2020 15:47

Cístí Tuinnín

"Caidé a bheas againn don dinnéar inniu?" An bhfuil tú bodhraithe ag an cheist sin achan lá? Bhuel, bainfidh muid cuid den sclábhaíocht as rudaí inniu duit! Seo oideas blasta atá breá furast a dhéanamh agus neart ann leis an ocras a bhaint de sheisear! Seo leagan Ultach den oideas, bainigí sult as!

 

 
Friday, 08 May 2020 15:23

Sailéad Panzanella Iodálach

Seo sailéad simplí atá thar a bheith blasta don lón agus is féidir é a réiteach ar bheagán stró! Is é an leagan Muimhneach den oideas a roinnfidh muid libh inniu, bainigí súp as!

 

 
Tuesday, 21 April 2020 11:45

Tósta Francach

Féach thíos beatha blasta atá feiliúnach don bhricfeasta.
Is féidir é a réiteach mar sneaic fholláin i rith an lae dhuit fhéin nó don chlann uilig.
Tug deis do na gasúir na blaoscanna a bhriseadh- bíodh sé ina spraoi!

Tuesday, 21 April 2020 11:29

An Síneadh Fada

An mbíonn deacrachtaí agat leis an síneadh fada.
An mbíonn tú ag tomhais cén áit leis na síntí fada a chur?
Ná bíodh imní ort!
Tá ceacht simplí anseo ón bhfoilseachán Nuascríobh na Gaeilge a chuideos leat.
Lean an treoir le go mbeidh tú fhéin in ann a oibriú amach cén áit ar cheart an síneadh fada a chur.

Page 1 of 2

 

Breacadh
Casla,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091-506846
R-phost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search