Fúinn

Fúinn

Is tionscadal tras-Ghaeltachta é Breacadh a bunaíodh sa bhliain 2000.  Is é príomhchúram an tionscadail ná acmhainní tacaíochta ranga d’ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeltachta.  


Ó tháinig Breacadh ar an bhfód, tá réimse leathan áiseanna foghlama agus teagaisc forbartha agus curtha i gcló do chláir éagsúla aosoideachais na mBord Oideachais agus Oilúna sna ceantair Ghaeltachta.  

Ina measc tá áiseanna ranga don ‘Fhoghlaim Teaghlaigh’, cúrsaí Cumarsáide agus Mata don saol, Mar a Déarfá!, scéim fónaice / litearthachta don fhoghlaimeoir fásta agus go leor ábhar léitheoireachta ar leibhéil éagsúla, idir fhicsean agus neamhfhicsean.

Cuirtear formhór na n-acmhainní seo ar fáil sna trí mhórchanúint Ghaeilge; Gaeilge Uladh, Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Chonnacht.

Tá tacaíocht tugtha ag Breacadh do sheirbhísí aoslitearthachta na Gaeltachta chomh maith, le hoiliúint teagascóirí deonacha agus le huasghrádú scileanna teagascóirí – i réimse na fónaice, go háirithe.

Lena chois sin, rinne foireann Bhreacadh áisitheoireacht ar Fhóram Foghlaimeoirí Gaeltachta 2009-2014. Thug an fóram glór d'fhoghlaimeoirí fásta na Gaeltachta, agus chuir agus cuireann a gcuid comhairle agus aiseolais go mór le hobair Bhreacadh.

 

Breacadh
Casla,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091-506846
R-phost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search