Oidis Blasta

Oidis Blasta

An mbíonn tú sa tóir ar bheatha blasta atá éasca le réiteach do bhéiltí an lae?

Beidh oidis á roinnt ar an leathanach seo go rialta – oidis de bheatha folláin a bheas tú in ann a réiteach gan stró!

Ná bíodh drogall oraibh oidis nua a thriail!

Friday, 08 May 2020 16:00

Curaí Cóilise agus Prátaí

Ar mhaith libh dinnéar breá blasta atá lán de chothú agus a bheidh réidh le tabhairt chun boird laistigh de leathuair a chloig.

Is oideas é seo atá oiriúnach daoibhse nach n-itheann feoil ach ar ndóigh is fuirist píosaí sicín a chur leis más ansa leat sin.

Bígí ag cócaireacht!

 
Friday, 08 May 2020 15:52

Cearnóga Coirce

Is deacair fanacht glan uilig ar na rudaí milse agus dúil agat i rud éigin deas le braon tae. Bhuel is fiú tabhairt faoin oideas simplí seo do Chearnóga Coirce atá milis agus folláin.  Níl uait ach 4 chomhábhar agus 30 nóiméad go mbeidh siad réidh le n-ithe!! Buailigí faoi agus beidh rud éicint deas réitithe in am don tae!  Bainigí sult astu.

 

 
Friday, 08 May 2020 15:47

Cístí Tuinnín

"Caidé a bheas againn don dinnéar inniu?" An bhfuil tú bodhraithe ag an cheist sin achan lá? Bhuel, bainfidh muid cuid den sclábhaíocht as rudaí inniu duit! Seo oideas blasta atá breá furast a dhéanamh agus neart ann leis an ocras a bhaint de sheisear! Seo leagan Ultach den oideas, bainigí sult as!

 

 
Friday, 08 May 2020 15:23

Sailéad Panzanella Iodálach

Seo sailéad simplí atá thar a bheith blasta don lón agus is féidir é a réiteach ar bheagán stró! Is é an leagan Muimhneach den oideas a roinnfidh muid libh inniu, bainigí súp as!

 

 
Tuesday, 21 April 2020 11:45

Tósta Francach

Féach thíos beatha blasta atá feiliúnach don bhricfeasta.
Is féidir é a réiteach mar sneaic fholláin i rith an lae dhuit fhéin nó don chlann uilig.
Tug deis do na gasúir na blaoscanna a bhriseadh- bíodh sé ina spraoi!

 

Breacadh
Casla,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091-506846
R-phost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search