Méid an Chló

Tuairiscí ó theagascóirí deonacha

Bhí rang agam le foghlaimeoir ar feadh bliana.  
D'fhoghlaim mise an oiread uaidhsean
is a d'fhoghlaim seisean uaimse!
- Teagascóir

Bhí sásamh iontach san obair agus
mhothaigh mé go raibh fiúntas mór ag baint léi.
- Teagascóir

Mholfainn d'aon duine tabhairt faoin teagasc deonach.
Is iontach an sásamh a fhaigheann tú
nuair a thosaíonn an léamh agus an scríobh ag teacht go maith
le duine fásta nach raibh aon mhuinín aige as féin.
- Teagascóir

Is iad na Coistí Gairmoideachais
agus na Comhlachtaí Páirtíochta
a bhunaigh Breacadh.
Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna
a mhaoiníonn an tionscadal.