Méid an Chló

Iris Bhreacadh

Foilsíodh an chéad eagrán den iris ‘Breacadh’
i Meitheamh na bliana 2003.

Cé go bhfuil an iris dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta
sa Ghaeltacht, díoltar suas le 3,000 cóip
le scoileanna Gaeltachta agus Galltachta ar fud na tíre.

Tá 20 leathanach lándaite san iris
de na scéalta nuachta is deireanaí,
i nGaeilge nádúrtha na Gaeltachta:

Iris Bhreacadh Ar líne

Is iad na Coistí Gairmoideachais
agus na Comhlachtaí Páirtíochta
a bhunaigh Breacadh.
Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna
a mhaoiníonn an tionscadal.